TL:DR Is deacair an rud é a ghabh leis an bpost deisce in ár saolta nua-aimseartha.

Oibrím i bpost deisce, mar a thugtar air go traidisiúnta. Sa ré iarphaindéime seo, níl poist deisce greamaithe in aon phointe amháin ar Domhan. Is féidir liom mo ríomhaire glúine a thabhairt chuig aon áit ar Domhan, agus ‘sé mo dheasc ansin é. Ó radhairc áille ar thránna is ar bholcáin, go dtí an talamh le cábla luchtaire ag síneadh chuig an bpointe gur ar éigean a theagmhaíonn an miotal leis an bport luchtaire, is féidir leis sin bheith mar dheasc agam freisin. Ag dúiseacht ó mo chodladh 30 soicind roimh chruinniú, leis an gceamara is an micreafón múctha, sin é mo dheasc chomh maith. Níl teorainn leis na féidearthachtaí.

Tugann mo phost dúshlán éigin intinne dom, ach tá sé ag croílár choincheap an “bullshit job”, mar a thugann David Graeber air. Deir sé mura féidir leat cur síos a dhéanamh ar do phost i dtrí fhocal, tá “bullshit job” agat. Is minic a labhraím go hadhmholtach faoi mo phost féin le haghaidheanna fiosracha don fhad a n-éistidh siad liom, agus nuair a éiríonn siad bréan bailithe de bheith ag iarraidh é a thuiscint, sméideann siad is siúlann siad uaim. Dá gcuirfinn uaim mo mhéarchlár is dá dtabharfainn faoi stailc ar maidin, ní bheadh aon tionchar aige sin ar an Domhan. Is cinnte dá mbeadh intleacht shaorga ardfhorbartha in ann an tionchar a mheas, gach seans go gcuirfeadh mo stailc feabhas ar gach méadrach eacnamaíochta.

Is duairc an rud é an saol nuair atá “bullshit job” agat. Cén fáth go bhfuilim i mo shuí os comhair an ríomhaire seo ar feadh uaireanta fada, gan bheith in ann torthaí mo chuid oibre a fheiscint fiú. Braithim gach maidin go bhfuilim ag dreapadh ar ais ar mheaisín reatha le pictiúr de mo sprioc greamaithe le seilitéip ar an mballa os mo chomhair amach. Ag taisteal na mílte, ach gan dul áit ar bith. Ní bhainim aon taitneamh as mo chuid oibre. Gan dabht, is féidir le cuid den fhadhbréiteach m’aird a tharraingt ar feadh tamaillín, ach tar éis na mblianta ag déanamh an phoist seo, ní sheasann aon chuimhne ar leith amach. Éiríonn m’aigne neodrach. Ní bhuailim le héinne a úsáideann an méid a chruthaím fiú. B’fhéidir go bhfuilim mar chuid de staidéar aisteach cosúil le Turgnamh Príosúin Stanford, ach níos sleamhaine ná sin. B’fhéidir go gcaitear a ndéanaim isteach i dtacar sonraí is go dtugann sé cúis gháirí d’eolaithe éigin.

Tógadh ar fheirm mé agus, i ngan fhios dom féin, is dócha go ndeachaigh mé isteach sa chineál oibre seo chun éalú ón obair fhisiciúil laethúil. Ba ghnách d’fheirmeoirí an cheantair gan ach cúpla bliain scíthe a bheith acu tar éis éirí as an ngluaiseacht is an mbogadh is an obair leanúnach, sula rachaidís ar shlí na fírinne. Is cleachtadh maslach giomnáisiaim é an “Farmers’ Walks” ar chúis mhaith. ‘Sí an íoróin is mó ná, dá faide a shuím taobh thiar de mo dheasc is mó an cumha atá orm don obair feirme. Ní ar bhealach craiceáilte cosúil le Ted Kaczynski nó ar nós na n-ainrialaithe primitíbheacha a cheapann gur chóir an t-infreastruchtúr leictreach go léir a tharraingt anuas, ach fonn is ea é chun méid ar leith oibre a dhéanamh agus toradh a bhaint amach atá inláimhsithe. Ba mhaith liom go bhféachfaidh mé siar ar shaol ar caitheadh an chuid is mó dó ag obair, agus fianaise agam air sin.

Is mise i mo chónaí i gcathracha le cúpla bliain anuas, níl páirceanna oscailte ná trealamh dainséarach feirmeoireachta, gan chosaint sláinte is sábháilteachta ar bith, ar fáil dom go héasca. Tá aithne agam ar chuid mhaith ceardaithe, áfach, a bhí ar mhuin na muice nuair a d’iarr mé orthu obair shaor in aisce a dhéanamh dóibh chun éalú ón ríomhaire. Cad faoi Dhia a bhí romham?

Ghlac Terry le mo thairiscint go fonnmhar. Iar-rógaire agus iarshaighdiúr. An chéad duine a bhaineann a léine de féin ag aon ócáid agus an duine deireanach a dhúnfaidh a chlab. I gcónaí ag machnamh ar chúrsaí polaitiúla nó masla éigin deisbhéalach, cheapfá gurb as caibidil éigin den “Ragged Trousered Philanthropist” a d’eascair sé. Do Terry, ní post amháin a bhí sa phéintéireacht, ach paisean. Ealaín mhionsaothraithe ar chóir máistreacht a fháil uirthi. Tairingíonn an grá atá aige dá obair aird ar an easpa mhillteanach brí atá le mo chuid oibre féin.

Ar lá mo phrintíseachta, chaith mé orm na héadaí is measa a bhí agam, leis an méid is mó pócaí, agus bhuail mé an bóthar. Bhí Terry ina sheasamh in aice a veain, lena chúl liom. Bhí cuma an-phroifisiúnta air is é ag caitheamh culaith bhán an phéintéara. Chuaigh mé suas chuige go ciúin agus rinne mé é a chuigilt. Gan mhoill bhí mé curtha faoi ghlas cinn aige agus fuair mé cúpla dorn sa bholg. Bhí éadaí oibre ullmhaithe aige dom, leis an méid sin péinte orthu go bhféadfá iad a chur ina seasamh go hingearach.

6 bhalla, 2 shíleáil, radaitheoir amháin, 2 rollóir, 3 scuab, 2 bhuicéad, 3 channa péinte, 4 channa de dheoch fuinnimh, agus 2 phaca John Player Blue. Dhúisigh mé ar a hocht ar maidin ach níor chuireamar an chéad bhraon péinte ar an mballa go dtí beagnach meánlae. Bhí níos mó ullmhúcháin ná mar a cheap mé, luíonn sé le ciall mar níor mhaith le héinne go mbeadh a dteach cónaithe ina shuíomh tógála nó go mbeadh aon duine in ann dul isteach agus péint a chaitheamh ar a gcuid troscáin. Tarpóil leagtha amach agus na scuaba faobhraithe, gan an chleasghleacaíocht leis an dréimire a lua, bhíomar réidh le tosú. Níor bhris an obair ár ndroim ach bhí beagán scile de dhíth chun í a dhéanamh, agus mórán de dhíth chun í a dhéanamh go maith. Go minic ba léir dom gurbh fhearr lámh éadroim a úsáid agus go gcruthóidh lámh throm níos mó oibre duit go fad téarmach. Ba mhinic go raibh orm Terry a fháil chun súil a chaitheamh ar m’obair ar eagla go ndéanfainn dochar do-athraithe le baile duine éigin. Ní raibh an brú chomh mór sin mar ba le muintir chara linn an teach. Níl aon strainséir ag íoc airgid dom chun draíocht a imirt. Pé scéal é, ní raibh na húinéirí ag súil le foirfeacht, agus bhí a lorg fágtha ag an bpéintéir deireanach ar aon nós cúpla coirnéal gearrtha, agus steallóga bídeacha timpeall ag insint a scéil dom amhail is gur Horatio Caine a bhí ionaim ar láthair na coire.

Tugadh rollóir dom - ba léir gur gheall mé cuid mhór. De ghnáth, caitheann printísigh an chéad 6 mhí ag breathnú ar na máistrí agus ag glanadh na scuab. Gan a thuilleadh péinte, ach an méid ceart chun go mbeidh sé foirfe. D’fhoghlaim mé na treoracha céim ar chéim. Níl an phéinteáil mar na seanscannáin aicsin inar féidir le daoine rith isteach in áit éigin gan phlean agus fós ag teacht amach leis an mbua. Caithfidh tú a bheith i gcónaí ag smaoineamh faoi do thimpeallacht. An pháirt is measa ná nuair a chuireamar péint bhánghorm an-éadrom ar bhalla bán. Níorbh fhéidir liom an dá dhath a aithint óna céile, agus táim cinnte gur chaill mé cúpla paiste. Tar éis an lá a chaitheamh ag rith an rollóra thar an mballa, amhail is gur rugadh mé dó, bhí mé réidh don scuab. Mar thriail le tine bhí mé trasna ón radaitheoir, le péint ola, agus dúirt Terry liom go mbeadh aon bhotúin a dhéanfainn, nó smál a d’fhágfainn, ann go deo. Cheapfá go raibh mé ag baint fiúis de bhuama. Braoinín amháin allais ag crochadh ar mo shrón agus mise ag déanamh mo sheacht ndícheall í a shéideach ar ais amhail is go raibh mé ag seachaint léasair sa scannán “Ocean’s 12”.

Ainneoin nach raibh tada á íoc dom, bhí mé tiomanta mo chuid a dhéanamh le cruthú dom féin ar a laghad, nach bhfuilim scartha ó mo fhréamhacha sa lucht oibre. Choinnigh mé orm, ní gur ceann de sheacht n-éacht Earcail a bhí ann, ach bhí gliondar orm go raibh mo lámha in ann glacadh leis an obair, gan creagáin orthu le fada an lá. Chuir mé brú orm féin troid tríd an sruthán leanúnach de mhúch phéinte agus an toit thánaisteach. Insíodh dom cúpla uair go raibh stad bus thíos an bóthar a thógfadh ar ais mé chuig leac mo dhorais. Bhí an ráiteas níos mó ina bhagairt ná ráiteas a chur ar mo shuaimhneas mé, agus mhairfeadh an náire a bhraithfinn dá n-éireoinn as níos faide ná aon chneá. Táim tar éis dul i dtaithí ar éirí go déanach is críochnú go luath, agus cúpla uair agam roimh dom dul a chodladh chun mo scíth a ligint. Ar son na hoibre seo ní raibh fadhb agam mo ghnáthshónna saoil a íobairt. Bhain mé taitneamh as an obair féin. Chríochnaíomar timpeall ar a 10 istoíche, réidh le titim isteach sa leaba, agus mo bholg ag uallfartach do níos mó ná deochanna fuinnimh. Mar sin féin, mhothaigh mé an dopaimín agus na ceimiceáin shonasacha ag dul isteach i m’inchinn. Moladh mór a bhí ann tar éis an chéad lá fíoroibre a bhí agam le blianta anuas.

Ní hé seo le rá nach bhfuil deacrachtaí le poist deisce freisin. Tagann i bhfad níos mó daoine ná mise abhaile gach lá tar éis a bheith ina suí scriosta leis an traochadh agus brú. Níl an éabhlóid tar éis dul chomh tapaidh leis an stíl mhaireachtála seo. Tá míshásamh éigin leis an gcéad iasc uaillmhianach a dhreap as an aigéan cúpla milliún bliain ó shin agus muidne inár suí os comhair na scáileán i rith an lae. Ba chóir dúinn Comhaontú Aoine an Chéasta a fháil idir an deasc agus an obair fhisiciúil. Cúpla lá san fhéilire a ligfidh oibrithe deisce éalú ó aon nóisin eirgeanamaíochta. Tá plean de dhíth chun gur féidir le oibrithe páirt a ghlacadh ina bpobal agus a gcuid saothair a thabhairt chun feabhas a chur ar bhail an cheantair agus a gcomharsan. Ag cur crainn sa talamh, ag gearradh féir, ag tógáil botháin, ag cur bóthair i gceart, agus araile. Cá bhfios, b’fhéidir go dtabharfaidh sé inspioráid do dhaoine a slí bheatha a athrú nó, ar a laghad, tuiscint a fháíl ar shaoil agus thaithí laethúil a gcomharsan.