Stór Focal

Cé mhéad focal s'agat?

An dtuigeann tú cad a chiallaíonn leis an bhfocal:
Tuigim
Ní Thuigim

5000 Focal
clogchuar clogchuar
Íseal
Tá do thoradh níos fearr ná 50% de dhaoine
Ard

Conas a oibrítear an ríomh amach?

Dlí Zipf

Is dlí eimpíreach é Dlí Zipf. Tá minicíocht bhainteach le gach aon fhocal a léirigh chomh minic a úsáidtear na focail. Faightear claonadh amach dá gcuirfeá na minicíochtaí in ord. Dá gcuirfeá focail níos annaimhe roimh an úsáideoir gheobhaidh tú amach amuigh is istigh faoi cé mhéad focal a aithníonn siad.

Liosta na Minicíochtaí

Thóg mé liosta na bhfocal agus a minicíochtaí i nGaeilge ó shuíomh Github Ollaimh Kevin Scannell. D'Fhuaigh mé na liostaí le chéile agus bhain mé na hainmfhocail dílis, giorrúcháin, iolraí, agus foirmeacha ginideach as an liosta.

Ag Fáil Sampla Amach as an Liosta

Leis an liosta cruthaithe faighimid sampla easpónantúil ón liosta, bunaithe ar a ráta meathlú.

Meastachán Uasdealraitheachta na hEaspónantúile Dáilte

An rud ba dheacra i rith an tionscadail go raibh ríomh an stóir focail. Is fadhb dheacair i measc réimse na teangeolaíochta agus na socheolaíochta. Ní fhéidir leat uimhir bheacht a fháil ó chuile duine le cúpla ceist amháin. Chun an réiteach a bhaint amach tá freastalaí Python i Google Cloud ag rith agam atá ag baint úsáid as meastachán uasdealraitheachta ar dháileadh easpónantúil a fhaigh fad an stóir focail amach, agus na focail thuigthe agus a minicíochtaí curtha isteach sa ríomh.



Stair na Leaganacha

  • 1.0.0 - 2024/01/20 - An chéad leagan foilsithe
  • 1.0.1 - 2024/01/21 - Leagan móibíleach

LE DÉANAMH

  • Úsáid na comhchiallaigh agus na frithchiallaigh chun tuiscint níos beaichte a fháil ar na focail

Mo bhuíochas leis an Ollamh Kevin Scannell as na liostaí fhocail agus le Dr Fred Farrell a chum an chuid is mó den chód chun an meastachán uasdealraitheachta a dhéanamh 8 mbliain ó shin